Featured post

Barbara Marx Hubbard (6)

14/06/23

Alt ar ExtraG.ie

 

Todhchaí Ghluaiseacht na nGaelcholáistí


Joe Breathnach



Tá gá le seacht meánscoil nua Ghaeilge, ar a laghad, sa Stát, agus trí cinn eile sa Tuaisceart, de réir na hanailíse is déanaí.

I mBaile Átha Cliath amháin tá na mílte dalta ag fágáil na bunscoileanna Gaeilge – agus cuirtear iallach orthu ansin leanúint lena gcuid oideachais trí Bhéarla mar níl na meánscoileanna Gaeilge ann dóibh.

Mar gheall ar sin, teipeann ar go leor acu leanúint ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge agus cailleadh deis chun an teanga a fhorbairt.

Mar sin féin, tá polasaí á fhorbairt ag an Roinn Oideachais chun tacú le scoileanna Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta faoi láthair agus creideann lucht feachtais gur deis iontach é sin don Aire Oideachais Norma Foley agus don Rialtas an córas oideachais a dheisiú.

Ag labhairt dó le Blas na Cathrach ar Raidio na Life 106.4FM, stáisiún raidió Gaeilge Bhaile Átha Cliath, mhínigh an t-iriseoir Darren Mac an Phríora go bhfuil deich meánscoil Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, in éineacht le hAonad amháin lán-Ghaeilge – is é sin Aonad Choláiste na Tulchann i Cluain Saileach (Clonsilla), aonad lán-Ghaeilge taobh le meánscoil Bhéarla. Táthar ag súil go mbeidh sé sin ar an aonú meánscoil Ghaeilge déag i mBaile Átha Cliath as seo go ceann cúpla bliain.

Ach ní leor sin chun freastal ar líon na ndaltaí bunscoile a bhfuil fonn orthu a gcuid oideachais trí Ghaeilge a chur chun cinn.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí ar An Foras Patrúnachta, gur cheart go mbeadh ceithre cinn eile ann, agus go dtabharfadh sé sin an líon i mBaile Átha Cliath go 15.

Tá siad ag teastáil chun freastal ar dhaltaí i réigiúin Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8; réigiún Chathair Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, réigiún Chontae Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, is é sin Sord (Swords) agus Domhnach Bat (Donabate); agus i gCoill na Silíní (Cherrywood).

Mhínigh an tUasal Mac an Phríora go bhfuil beagnach míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna bunscoile i dtrí cinn de na ceantair sin agus go bhfuil os cionn míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna bunscoile i réigiún chathair Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh.

Mar sin féin tá géarghá le scoileanna dara leibhéal Gaeilge sna ceantair sin, agus go ginearálta tá na cinn a bhféadfaidís taisteal chucu lán cheana féin.

Dúirt sé freisin go bhfuil trí cheantar eile sa Stát, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, a bhfuil meánscoil Ghaeilge de dhíth orthu. Is iad sin, i gcathair Chorcaí, i gContae na Mí agus i Maigh Eo.

Tá trí cinn ag teastáil sa Tuaisceart freisin: i nDoire, i dTír Eoghain agus i dtuaisceart Bhéal Feirste, ach tá na ceantair sin lasmuigh de smacht an Stáit.

De réir tuairisce ón Roinn Oideachais anuraidh ní théann ach an tríú cuid de pháistí a théann chuig bunscoileanna le Gaeilge sa Stát ar aghaidh go dtí meánscoileanna le Gaeilge.

Fadhb mhór amháin, dar leis an Uasal Mac an Phríora, is ea an polasaí as dáta atá á leanúint ag an Roinn Oideachais, rud a thugann le fios go bhfuil dóthain spásanna ann.

De réir polasaí, a tugadh isteach tuairim is deich mbliana ó shin, ní osclaíonn an Roinn Oideachais scoil nua ach in áiteanna ina bhfuil fás déimeagrafach ann.

Mar sin féin, i dtrí cinn de na ceithre cheantar i mBaile Átha Cliath a bhfuil meánscoil bhreise de dhíth orthu, chun freastal ar na daltaí atá ag teacht amach as na bunscoileanna Gaeilge, níl an daonra iomlán ag fás. Mar sin, de réir an pholasaí atá á leanúint ag an Roinn, níl aon ghá le meánscoil nua.

Is é an toradh neamhbheartaithe a bheadh ar a leithéid de pholasaí ná go gcuirfí iallach ar pháistí atá ag freastal ar bhunscoil lánGhaeilge freastal ar mheánscoil Béarla.

Dúirt an tUasal Mac an Phríora go gcreideann sé nach bhfuil an polasaí ag obair agus nach bhfuil go leor dáiríreachta ón Rialtas agus ón Roinn faoi mheánscoileanna Gaeilge, cé go gcreideann sé go bhfuil siad dáiríre faoi oideachas Gaeilge a chur ar fáil ag an mbunleibhéal.

Mar sin má chuireann feachtasóirí argóintí láidre ar fáil tá seans láidir ann go mbeadh an tAire Foley, an Roinn agus an Rialtas oscailte chun tacú leo.

Dúirt an tUasal Mac an Phríora go bhfuil polasaí á fhorbairt ag an Rialtas faoi láthair – an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht – agus go bhfuil sé dóchasach go seolfar agus go gcuirfear i bhfeidhm an polasaí sin roimh an gcéad olltoghchán eile.

Mar sin tá deis iontach ag an Roinn agus ag an Rialtas anois polasaí a chur le chéile chun scoileanna Gaeilge dara leibhéal a fhorbairt.


Is iriseoir é an tUasal Mac an Phríora atá ag obair i mBaile Átha Cliath agus tá seó raidió aige ar Near FM. Oibríonn sé freisin le Raidió na Life agus leis an ngrúpa nuachtáin Dublin People. Tá roinnt cainéal YouTube aige freisin. Úsáideann sé YouTube chun podchraoltaí a tháirgeadh.

https://extrag.ie/2023/06/14/nuacht/geargha-le-7-meanscoil-ghaeilge/


# Darren J. Prior / Mac an Phríora

No comments:

Post a Comment