FEATURED post

SPIRITUALITY montage

 

04/03/08

Pádraig Ó Cuanacháin, laoch na Gaeilge, ar lár




Pádraig Ó Cuanacháin, laoch na Gaeilge, ar lár


Colm Ó Broin, Lá Nua


4 Márta 2008



Cailleadh laoch i measc na laochanna, maidin Dé Domhnaigh, nuair a chuaigh Pádraig Ó Cuanacháin ar shlí na fírinne in aois a 76 bliain.

Bhí cáil náisiúnta ar Phádraig as an sár-obair a rinne sé ar son na Gaeilge i rith a shaoil.

'Fear breá cairdiúil, lán de scéalta agus de ghreann a bhí ann,' arsa a chomhghleacaí i nGael-Taca Chorcaí, Barra Ó Caoimh. 'Bhí sé dearfach i gcónaí agus ní raibh suim ar bith aige i ndrochscéalta. 'Bhí sé go hiontach ag gríosú daoine agus ní raibh éinne níos fearr ann chun daoine a thabhairt le chéile.'

Mana a bhí aige le fada an lá maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná nach raibh gá le mórán ach dul amach a labhairt le daoine agus do mholtaí a mhíniú dóibh, agus óna thaithí féin, go mbeidís sásta éisteacht leat agus glacadh leis na moltaí.

Tógadh an tUasal Ó Cuanacháin i gCrosaire Tuirnéir i gCathair Chorcaí agus d'fhreastail sé ar Scoil Chríost Rí agus ar Choláiste na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh.

Chaith sé roinnt blianta ag obair do Chomhairle Cathrach Chorcaí agus ansin, d'oibrigh sé mar oifigeach margaíochta le hÚdarás na Gaeltachta ag mealladh tionscail go Gaeltachtaí na Mumhan. Thosaigh sé ag obair sna 1980í le Gaelscoileanna Teo agus chabhraigh le pobail éagsúla chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i gCorcaigh.

Thaistil sé ó pharóiste go paróiste ag bunú coistí áitiúla agus bhí baint aige le bunú dosaen Gaelscoil, ina measc, Gaelscoil Mhachan agus Gaelscoil Sheáin Uí Ríordáin.

Ag deireadh na n-ochtóidí, bhunaigh sé Gael Taca Chorcaí chun úsáid na Gaeilge in earnálacha an ghnó agus na tógála a spreagadh.

Is ansin a bhain sé amach clú agus cáil náisiúnta as ucht a chuid oibre ar son na teanga.

'Bhí a chroí istigh sa Ghaeilge agus ní amháin gur chabhraigh sé le bunú Gaelscoile ach sheoladh sé litir agus seic ó Ghael-Taca chuig scoileanna nuabhunaithe ar fud na tíre chun a rá leo nach rabhadar leo féin,' arsa Barra Ó Caoimh.





'An sprioc a bhí aige le Gael Taca ná go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil go poiblí ag daltaí agus iad ag teacht amach as an scoil.

'Tá go leor leor siopaí, tithe tábhairne, comhlachtaí agus busanna i gCorcaigh agus rian éigin den Ghaeilge le feiceáil orthu de bharr a ndearna sé, rud a thugann le fios gur teanga bheo í an Ghaeilge,' ar seisean.

Rinne an tUasal Ó Cuanacháin éacht thar na bearta freisin maidir le hainmneacha Gaeilge a mholadh do thógálaithe eastáit tithíochta, agus glacadh lena mholtaí le haghaidh os cionn 400 eastát ar leith, formhór acu i gContae Chorcaí agus i gCúige Mumhan.

Seachas cúrsaí teanga, bhí an-spéis aige sa stair agus bhí saineolas aige ar stair Chathair Chorcaí agus ar an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda.

Chuir sé spéis i gceoldrámaí Gilbert & Sullivan go háirithe, agus bhí suim aige i gcúrsaí litríochta agus scríobh sé go rialta do Ireland’s Own.

Tógfar é ó O'Connor's Funeral Home ag Droichead an Gheata Thuaidh i gCorcaigh go Séipéal Naomh Seosamh in Montenotte ag 8.00in anocht.

Beidh aifreann ar siúl ag 11.00rn maidin amárach agus cuirfear i Reilig Naomh Caitríona i gCill Chúile é ina dhiaidh.

Maireann a bhean chéile, Nóirín, a iníon, Deirdre, agus ceathrar mac: Ciarán, Fergus, Brian agus Colm.
Ar dheis Dé go raibh a anam.

12/09/04

Logainmneacha Bhaile Átha Cliath - bailithe le haghaidh suíomh greásáin Gael-Taca (BÁC) / Dublin Placenames - compiled for Gael-Taca (BÁC) website (2004-2007)


     Logainmneacha Bhaile Átha Cliath 


  Image result for dublin gaa crest


Dublin Placenames



Youtube





Column 1 - Irish language placenames in Dublin


Column 2 - Those placenames meanings in English


Column 3 - The Anglicized and widely used versions of those placenames today.



Baile Brigín - Brigín's homestead - Balbriggan


Baile na Scórnad - Homestead of the gullet - Ballinascorny


Baile Baodháin - Beodan's homestead - Ballyboden


Baile Bachaille - Homestead of the crosier - Ballyboghil


Baile Breac - Speckled homestead - Ballybrack


Baile Thormaid - Homestead of Thormund - Ballyfermot


Baile an Ridire - Homestead of the knight - Balrothery


Bealach Conglais - Pass of Conglas - Baltinglass


Cábán tSíle - Síle's cabin - Cabinteely


An Chabrach - Poor land - Cabra


Caisleán Cnucha – Cnucha’s Castle - Castleknock


Séipéal Iosóíd - Iseult's chapel - Chapelizod


Clochrán - Stepping-stones - Cloghran


Cluain Dolcáin - Dolcán's pasture - Clondalkin


Cluain Saileach - Pasture of the willow - Clonsilla



Cluain Tarbh - Pasture of bulls - Clontarf


An Chúlog - Little corner - Coolock


Cúil Mhín - The smooth-backed hill - Coolmine


Corr Dhubh - The dark hill - Corduff


Cionn Ard - High head - Cunard


Deilginis - Thorn Island - Dalkey


Dún an Bháíd - Fort of the boat - Donabate 


Domhnach Míde - St. Mide's Church - Donaghmede


Domhnach Broc - Broc's church - Donnybrook


Domhnach Cearnaigh - Cearnach's church - Donnycarney


Droimneach - Ridged land - Drimnagh


Draighnen - Place producing blackthorn - Drinan


Droim Conrach - Ridge of the path - Drumcondra


Dubh Linn - Black pool - Dublin


Dún Laoghaire - Laoghaire's fort - Dún Laoghaire



Dún Droma - Fort of the ridge - Dundrum


Dún Ard - High fort - Dunard


Eiscir - Gravel-ridge - Esker


Fearann Buaile - Territory of the milking-place - Farranboley


Fionnghlas - Bright stream - Finglas


Glas Naíon - Stream of the child - Glasnevin


Glas Tuathail - Tuathal's streamlet - Glasthule


Gleann na gCaorach - Valley of the sheep - Glenageary


Gleann na Smól - Valley of the thrushes - Glenasmole


Gleann Cuilinn - Valley of holly - Glencullen


Gráinseach - Monastic grange - Grange


Binn Éadair - Head (of land) - Howth


Inse Chór - Island of the snout - Inchicore


Cill Bharróg - Church of little Barra - Kilbarrack



Cill Iníon Léinín - Church of the daughters of Léinín - Killiney


Cill Shalcáin - Church of the willows - Kilsallaghan


Cill Thiarnáin - Tiarnán's church - Kilternan


Cionn tSáile - Head of the salt water - Kinsaley


Baile Uí Lachnáin - Homestead of Ó Lachnán - Loughlinstown


Leamhcán - Place of elms - Lucan


Mullach Íde - Íde's summit - Malahide


Mullach Eadrad - The hill of the milking place - Mulhuddart


An Aill - The cliff - Naul


Nuachaisleán Liamhna - It was the location of an English royal castle - Newcastlelyons


Poolbeag - Small pool - Poolbeg


Port Mearnóg - Mearnóg's port - Portmarnock


Poll an Phúca - Pool of the sprite - Pulaphuca


Ráth Eanaigh - Fort of the marsh - Raheny


Raghnallach - Raghnal's place - Ranelagh


Ráth Cúil - Fort of the hill - Rathcoole


Ráth Fearnáín - Fort of the alder - Rathfarnham


Ráth Garbh - Rough fort - Rathgar


Rinn an Bháid - Point of the boat - Rinawade


Rinn - Point - Ringsend


Ros - Promontory - Rush


Teach Sagard - Sagra's house - Saggart


Naigín - Noggin - Sallynoggin


Seantrabh - Old dwelling - Santry


Seanchill - Old Church - Shankill


Sceirí - Reef islands - Skerries


Steach Lorgan - Lorgan's house - Sillorgan


Sord - The water source - Swords


Tamhlacht - Plague burial site - Tallaght


Teach Mealód - Mealóg's church - Tempelogue


Tír an Iúir - Territory of the yew - Terenure


Tobar Bainne - Well of milk - Toberbunny


Portobello - Ainm Spáinneach / Spanish name


Marino - Ainm Iodálach / Italian name


Rialto - Ainm Iodálach / Italian name


Belvedere - Ainm Iodálach / Italian name


Ormeau-  Ainm Francach / French name


Belmont - Ainm Francach / French name


Beaumont - Ainm Francach / French name







Tuilleadh eolais:


Irish Placenames - Deirdre Flanagan & Laurence Flanagan

Atlas of Irish Place-Names - Patrick J. O'Connor

Irish Place Names - P.W. Joyce


Bunachar Logainmneacha na hÉireann / Placenames Database of Ireland: www.logainm.ie




                                                                  - Siardhátaithe ar bhlag / backdated on blog.

14/07/04

📹 Cinneadh mór déanta ag an Rialtas maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach — Nuacht TG4 (2004)





An Lá Mór (Aibreáin 2004)


Grianghraf - An tIonad Buail Isteach


Siardhátaithe ar bhlag / backdated on blog.


# Feachtas "Stádas" chun go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúl den AE, 2004

# "Stádas" campaign to try to make Irish an official language of the EU, 2004

01/10/01

Started college in Coláiste Dhúlaigh College of Further Education (2001)

 


(I took this photo for Wikimedia Commons in 2019)



(Photo – Coolock Darndale ALS)


Coolock / An Chúlóg

01/06/90

01/09/87

Moved to Drumcondra / Ballybough (1987)

 





Photo – Ballybough Pride of Place



Our house deeds said that our house and estate was in Drumcondra but a lot of the people (maybe most

people I don't know) in the region saw the estate as being in Ballybough